John le Carré
Údar Briotanach d’úrscéalta spiaireachta ab ea John le Carré (ainm cleite), David John Moore Cornwell is fíorainm dó , (19 Deireadh Fómhair 1931 - 12 Nollaig 2020). Le linn na 1950idí agus na 1960idí, d’oibrigh sé don tSeirbhís Slándála (MI5) agus don tSeirbhís Faisnéise Rúnda (MI6). Bhí an tríú húrscéal aige, ''The Spy Who Came in from the Cold'' (1963), ina leabhar sárdhíolais idirnáisiúnta agus tá sé fós ar cheann de na saothair is cáiliúla dá chuid.Tar éis rath an úrscéil seo, d’fhág sé MI6 le bheith ina údar lánaimseartha. I measc a chuid leabhar tá ''The Looking Glass War'' (1965), ''Tinker Tailor Soldier Spy'' (1974), ''Smiley's People'' (1979), ''The Little Drummer Girl'' (1983), ''The Night Manager'' (1993), ''The Tailor of Panama'' (1996), ''The Constant Gardener'' (2001), ''A Most Wanted Man'' (2008), agus ''Our Kind of Traitor'' (2010), gach ceann acu curtha in oiriúint don scannán nó don teilifís. Arna chur ar fáil ag Vicipéid
-
1
-
2
-
3
-
4
-
5
-
6