Valentin Rasputin
Scríbhneoir Rúiseach é Valentin Grigoryevich Rasputin (ar an 15 Márta a rugadh é, sa bhliain 1937; shíothlaigh sé ar 14 Márta 2015) agus é ar dhuine de na "prós-scríbhneoirí tuaithe" ina thír dhúchais. Chaith sé cuid mhór dá shaol i réigiún Irkutsk sa tSibéir, agus is é is téama dá chuid scríbhinní ná scoiteacht agus anóime an tsaoil chathartha agus an troid a chuireann muintir na tuaithe ar son a saoil shimplí féin, le teacht slán ón gcathair.Is é an saothar is clúití a tháinig óna pheann ná ''Прощание с Матёрой/Proshchanie s Matyoroi'' ("Slán ag Matyora"), gearrscéal fada faoi oileán Matyora sa tSibéir atá le fágáil faoin uisce, agus taiscumar nua á thógáil. Meafar atá ann a thugann cur síos ar léirscrios an nádúir Rúisigh sna blianta Sóivéadacha in ainm an dul chun cinn.
Leis na blianta beaga anuas, áfach, táthar á chur i leith Rasputin go bhfuil sé go róthréan in éadan an tsaoil nua-aimseartha agus go mbíonn sé ag comhoibriú le náisiúnaithe frith-Ghiúdacha. clé|mion Arna chur ar fáil ag Vicipéid
-
1
-
2
-
3